Inrochtaineacht
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Támid tiomanta don suíomh greasáin seo a dhéanamh inrochtana de réir I.R. 358/2020.
Táimid tiomanta do chaighdeán AA faoi threoirlínte WCAG 2.1 a bhaint amach.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo leis an suíomh greasáin seo amháin.
Cloíonn an suíomh greasáin seo go páirteach le treoirlínte WCAG 2.1 AA.
Inneachar neamh-inrochtana
Táblaí: Níl ceanntásca sainithe i gceart ag roinnt táblaí ar an suíomh greasáin seo. Fágann sé sin go bhfuil sé níos deacra do dhaoine a úsáideann léitheoirí scáileáin nó bogearraí aitheanta gutha an t-ábhar ar an suíomh a léamh. Treoirlíne WCAG 1.3.1
Íomhánna: Níl tuairiscí grianghraf (nó meiteathuairisc) ag gach íomhá ar an suíomh greasáin seo. Mura mbíonn na tuairiscí cearta ag íomhánna, ní fhoghlaimeoidh úsáideoir a bhraitheann ar theicneolaíochtaí cúnta an fhaisnéis a chuirtear in iúl san íomhá treoirlínte WCAG 1.1.1
PDFanna: Foilsítear go leor doiciméad mar PDFanna - nach bhfuil chomh hinrochtana le leathanaigh HTML do dhaoine a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta. I measc na ndeacrachtaí le PDFanna tá:
Ní liosta uileghabhálach d'ábhar neamh-inrochtana é an t-inneachar sin.
Inneachar díolmhaithe
Tá doiciméid PDF a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na treoirlínte seo ach amháin sa chás go mbaineann siad le seirbhís nach mór do dhuine den phobal a úsáid.
Tá físeáin nó fuaim a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2020 díolmhaithe ó na treoirlínte seo
Bainimid úsáid as treoirlínte AA leibhéal WCAG chun tástáil a dhéanamh ar a inrochtana is atá an suíomh greasáin seo. D'úsáid muid cur chuige na Modheolaíochta Meastóireachta Comhréireachta ar Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin (WCAG-EM) chun an suíomh a mheas.
Tá iniúchtaí inrochtaineachta curtha i gcrích againn agus rinne muid tástáil úsáideora ar an suíomh. Leanfaimid orainn á dhéanamh sin - go háirithe nuair is féidir linn tástáil a dhéanamh arís ar bhonn pearsanta.
Má tá aon ghearáin agat faoi inrochtaineacht an ábhair a úsáidtear ar shuíomh roinne – is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana ábhartha do Dhaoine faoi Mhíchumas i ngach roinn.
Géarú ar Ghearán
Mura bhfuil tú sásta le freagra na Roinne, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.