Déan iarratas rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol (RFC) chuig an oifig seo
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba cheart iarratais RFC a dhéanamh chuig:
Agus iarratas á dhéanamh agat ar fhaisnéis faoi Rialacháin RFC, ceanglaítear ort:
De ghnáth cuirfear an cinneadh ar d’iarratas in iúl duit laistigh de mhí amháin tar éis é a fháil.
Má chreideann tú gur diúltaíodh (go hiomlán nó go páirteach) do d’iarratas ar fhaisnéis faoin gcomhshaol nó nár láimhseáladh i gceart é de réir Rialacháin RFC, féadfaidh tú iarraidh ar ár n-oifig athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an gcinneadh go páirteach nó go hiomlán. Ní mór duit an t-athbhreithniú seo a iarraidh laistigh de mhí amháin ón gcinneadh a fháil. Ball foirne níos sinsearaí a dhéanfaidh an t-athbhreithniú.
Ní ghearrfar aon táille ar an bpróiseas athbhreithniú inmheánach.
Laistigh de mhí amháin tar éis d’iarratas ar athbhreithniú a fháil, scríobhfaimid chugat chun an cinneadh agus an chúis leis an gcinneadh a chur in iúl duit. Cuirfimid in iúl duit freisin maidir le do cheart achomhairc chuig an gcoimisinéir um fhaisnéis comhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin.
Mar a fhoráiltear dó sna Rialacháin RFC, níl táille tosaigh ag teastáil agus iarratas ar fhaisnéis faoi RFC á thaisceadh chuig an oifig seo. Féadfaidh údarás poiblí, áfach, táille réasúnta a ghearradh as faisnéis faoin gcomhshaol a sholáthar de réir na rialachán.
Tá na táillí seo socraithe ag an oifig mar seo a leanas:
Cuirfear sonraí na dtáillí, más ann dóibh, in iúl sa litir chinnidh deiridh.
Cathain a sholáthróidh an oifig faisnéis saor in aisce?
Tá scéim foilsithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, lena n-áirítear treoir ar fheidhmeanna na hoifige seo agus ar thaifid atá ina seilbh, ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Má tá aon cheist agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach faisnéise ar an teileafón ag +353 639 5750 nó ríomhphost a sheoladh go dtí aie@cpsa.ie
Is pointe faisnéise é an suíomh gréasáin seo chun críche na treorach RFC. Má theastaíonn eolas comhshaoil breise uait, féadfaidh tú iarratas RFC a sheoladh nó dul i dteagmháil leis an oifigeach faisnéise mar a leagtar amach thuas.
Tá tuilleadh faisnéise ginearálta ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2011, lena n-áirítear faisnéis chúlra faoin reachtaíocht, foilseacháin úsáideacha agus naisc chuig comhlachtaí ábhartha eile, ar fáil sa chuid RFC de shuíomh gréasáin an Roinn Comhshaoli, Pobail agus Rialtas Áitiúil