Iniúchtaí
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é an fhreagracht atá orainn a chinntiú go ndéantar beartais earcaíochta, cleachtais earcaíochta agus córais tacaíochta earcaíochta a dhearadh agus a oibriú i gcomhréir leis an Cód Chleachtais trí roinnt iniúchtaí a dhéanamh gach bliain.
Tar éis gach próisis iniúchóireachta agus mheastóireachta, cuirimid tuarascáil le chéile ina dtugaimid mionsonraí faoi na torthaí.
I gcás inarb iomchuí, cuirimid moltaí ar áireamh chun aghaidh a thabhairt ar aon réimse le haghaidh feabhais a sainaithníodh sa chleachtadh.
Rinneadh na hiniúchtaí seo a leanas le blianta beaga anuas agus tá siad ar fáil lena léamh nó lena n-íoslódáil.
Meán Fómhair 2019 - Iniúchadh ar an úsáid a bhaintear as critéir shriantacha incháilitheachta i bpróisis ardaithe céime in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Meitheamh 2018 - Iniúchadh ar bheartais agus ar chleachtais a bhaineann le hearcaíocht áitiúil agus le ceapacháin áitiúla ag aonaid acmhainní daonna le haghaidh na ngrúpaí ospidéal seo a leanas de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge, Ospidéal na hOllscoile, Luimneach
Meitheamh 2017-Iniúchadh ar Phróisis Cheapacháin do dhá phost shinsearacha i Stiúrthóireacht na Seirbhíse Gnó Sláinte i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Aibreán 2017 - Iniúchadh ar phróisis cheapacháin arna seoladh ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí do phoist chomhairleacha i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Márta 2016 - Iniúchadh ar Bheartais agus ar Chleachtais a bhaineann le hEarcaíocht Áitiúil agus le Ceapacháin Áitiúla ag Rannóga Acmhainní Daonna le haghaidh Grúpaí Ospidéal de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
(i) Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge (ii) Ospidéal na hOllscoile, Luimneach
Nollaig 2015 - Iniúchadh ar Bheartais agus Cleachtais Earcaíochta agus Roghnúcháin sa Gharda Síochána a bhaineann le hardú céime chuig Céim an tSáirsint agus Céim an Chigire
Feabhra 2015 Iniúchadh ar Bheartais agus ar Chleachtais a bhaineann le Ceapacháin Iniúchadh laistigh de Thithe an Oireachtais