Conas gearán a dhéanamh
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má shíleann tú go raibh an próiseas roghnúcháin a bhain le ceapachán i seirbhís phoiblí na hÉireann éagórach agus go raibh an Cód Cleachtais á shárú, is féidir leat gearán a dhéanamh faoin bpróiseas faoi Alt 8 den chód.
Sula ndéanann tú gearán leis an gCoimisiún, ní mór go mbeadh gearán neamhfhoirmiúil agus gearán foirmiúil déanta agat leis an gcomhlacht poiblí a chuir an próiseas roghnúcháin i gcrích. Ní féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún ach amháin má tá na céimeanna seo curtha i gcrích agat.
Má chinntear go raibh an próiseas roghnúcháin éagórach, ní dhéanfar an cinneadh a fhreaschur. Féadfar an próiseas a athrú, áfach, d'fhonn a chinntiú nach dtarlaíonn sárú arís.
Ní mór duit achomharc a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 10 lá i ndiaidh eolas maidir le toradh an ghearáin fhoirmiúil a fháil. Is féidir leat é seo a dhéanamh tríd an bhfoirm ar líne thíos a úsáid.
Scrúdóidh an CPSA an gearán agus déanfaidh sé cinneadh maidir le cibé acu an raibh nó nach raibh an próiseas roghnúcháin cothrom agus an rabhthas ag cloí leis an gCód Cleachtais. Má rinneadh earráid, molfaidh nó treoróidh CPSA don chomhlacht poiblí próisis roghnúcháin a bheidh á reáchtáil amach anseo a athrú. Ní féidir dúshlán chinneadh an Choimisiúin a thabhairt ach trí athbhreithniú breithiúnach.