Cé sinn
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, is sinne an príomhrialálaí ar earcaíocht agus roghnúchán i seirbhís phoiblí na hÉireann. Is é an ról atá againn a chinntiú go mbeidh aon cheapacháin a dhéantar chuig an státseirbhís agus an tseirbhís phoiblí cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas.
Bunaíodh an Coimisiún ar 19 Deireadh Fómhair 2004 faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004. Is iad seo na comhaltaí den Choimisiún:
Ar an 18 Nollaig 2024, ba í Verona an chéad bhean riamh a toghadh ina Ceann Comhairle Dháil Éireann.
Ag 16 bliana d’aois, chuaigh Verona ar imirce go dtí an RA, áit ar oibrigh sí i McDonalds agus Vauxhall Motor Company. D’fhill Verona abhaile agus í ocht mbliana déag d’aois agus ghnóthaigh sí CPC i mBainistíocht Iompair Idirnáisiúnta agus Náisiúnta. Ag 21 bliana d’aois, chuir sí tús le gnó mar oibreoir idirnáisiúnta iompair de bhóthar.
Ag 35 bliana d’aois, d’fhill Verona ar an oideachas ag críochnú a hArdteistiméireachta, agus ansin ag dul ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh ar an Dlí. Agus í ag obair go páirtaimseartha mar chléireach i ngnólacht aturnae agus tar éis ceithre bliana de choláiste oíche, bronnadh céim onóracha den chéad scoth sa Dlí uirthi tar éis di a BA a chríochnú ag Campas Loch Garman I.T. Cheatharlach i 2010.
I 2010, chuaigh Verona isteach i gcomhlacht ionadaíoch ceadúnaithe na gcomhaltaí tarlaithe bóthair, Cumann Tarlóirí Bóthair na hÉireann [IRHA] agus chaith sí trí théarma mar Uachtarán ar an gcumann náisiúnta. Aithníodh Verona mar phríomhbhean san earnáil iompair agus i 2018 cheap Coimisinéir Iompair an AE í mar ambasadóir éagsúlachta do mhná san iompar. A bhuí lena habhcóideacht sa réimse sin, aithníodh IRHA go forleathan mar an príomhúdarás ar ullmhúcháin Brexit chun trádáil tráchtála na hÉireann leis an AE agus leis an RA a chosaint tar éis Brexit.
Le linn na tréimhse sin, thaistil Verona go rialta go dtí an Bhruiséil ag freastal ar chruinnithe den Chumann Idirnáisiúnta um Tharlú de Bhóthar agus bhí ról lárnach aici maidir le post Rialaithe Teorann a cheadú ag Europort Ros Láir. D’éascaigh na saoráidí sin fás rábach go díreach tar éis an Bhreatimeachta le méadú faoi shé ar sheirbhísí Eorpacha, rud a d’fhág gur ainmníodh Europort Ros Láir mar Chalafort Farantóireachta Eorpach na Bliana i 2023.
Mar Theachta Dála Neamhspleách, d’oibrigh Verona go han-chrua chun muinín athnuaite bhreise a thabhairt i Europort Ros Láir mar cheann de shócmhainní níos straitéisí na hÉireann agus tá sí ag obair i gcónaí leis na páirtithe leasmhara go léir chun todhchaí an chalafoirt a chinntiú mar thairseach na hÉireann chun na hEorpa agus mar mhol Oirdheisceart na hÉireann le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta.
Agus í ag tacú go paiseanta le rathúnas Loch Garman amach anseo, toghadh Verona den chéad uair mar Theachta Dála Neamhspleách do Chontae Loch Garman i mí Feabhra 2020. Ba é fás eacnamaíoch agus sóisialta a toghcheantair príomhsprioc Verona agus d’oibrigh sí gan stad gan staonadh chun ionadaíocht a dhéanamh ar ábhair imní mhuintir Loch Garman maidir le tithíocht, sláinte, cúram leanaí, oideachas, poist, an comhshaol agus ábhair eile ar údar imní iad dá toghthóirí.
Le heitic oibre an-láidir a chuimsíonn cumas, tiomantas, comhsheasmhacht agus dáiríreacht, chuir Verona i mí na Samhna 2024, ina dara feachtas toghcháin, barr ar an vótaíocht ina toghlach agus atoghadh í ar an gcéad chomhaireamh.
Cheap an tUachtarán Michael D. Higgins Ger Deering ina Ombudsman agus ina Choimisinéir Faisnéise d’Éirinn i mí Eanáir 2022.
Ceapadh é ina Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais in 2015 agus ina Ombudsman um Pinsin in 2016. Rinneadh Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean de nuair a cumasaíodh an dá oifig in 2018.
Ba é Ger an chéad Choimisinéir um Rialáil Tacsaithe, agus bhí sé ina Stiúrthóir bunaithe ar an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (NERA). Bhí príomhról ag Ger i gceannas ar an gClár Athchóirithe um Chaidreamh san Áit Oibre.
Tá taithí fhairsing aige ag obair ar fud an rialtais áitiúil, na forbartha pobail, na státseirbhíse agus na hearnála príobháidí.
Ceapadh John Callinan ina Ard-Rúnaí ar an Rialtas agus ina Ard-Rúnaí ar Roinn an Taoisigh I mBealtaine 2022.
Roimhe sin, bhí John ina Dhara Ard-Rúnaí ag Roinn an Taoisigh ó 2016. Sa ról sin bhí príomhfhreagracht air as an Rannán Gnóthaí Idirnáisiúnta agus AE agus as Rannóg na Breataine/Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear Aonad na nOileán Comhroinnte. Bhí sé ina “Sherpa” de chuid an Taoisigh (comhairleoir sinsearach AE) agus ina phríomh-idirbheartaí ar Brexit.
Chuaigh John isteach i Roinn an Taoisigh i 1998, agus d’oibrigh sé i roinnt réimsí polasaí ó shin i leith. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí Cúnta in 2007 agus bhí sé i gceannas ar roinnt Rannán sa Roinn idir 2007 agus 2016, lena n-áirítear Beartas Eacnamaíoch, Beartas Sóisialta, Gnóthaí AE agus Idirnáisiúnta, agus an Bhreatain/Tuaisceart Éireann.
Sula ndeachaigh sé isteach i Roinn an Taoisigh, d’oibrigh John i roinnt réimsí de na Coimisinéirí Ioncaim. Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é, agus chaith sé ceithre bliana ag an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil.
Is é David Moloney ard-rúnaí gníomhach na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ón 6 Eanáir 2021. Tá sé i gceannas ar Rannán Margaidh Saothair agus Fiontar na Roinne, agus tá sé freagrach as réimsí caiteachais éagsúla lena n-áirítear Cosaint Shóisialta, Tithíocht, Fiontar agus Talmhaíocht agus as Seirbhís Gheilleagair agus Mheastóireachta Rialtas na hÉireann (IGEES).
I rith a shaoil oibre sa Státseirbhís, tá tréimhsí caite ag David ag obair i Roinn an Taoisigh, sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Sláinte.
Cheap an tUachtarán Micheál Ó hUigínn Garrett Sheehan, breitheamh ar scor de chuid na Cúirte Achomhairc, go téarma sé bliana mar Chathaoirleach an Choimisiúin, le héifeacht ón 9 Nollaig 2020.
Thosaigh Garrett Sheehan a ghairm bheatha mar aturnae. Ceapadh é chun na hArd-Chúirte in 2007, agus chun na Cúirte Achomhairc in 2014, áit ar fhóin sé go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2017.
Agus muid ag déanamh ár gcuid oibre sa Choimisiún, faighimid tacaíocht ó fhoireann thiomnaithe a bhfuil Elaine Cassidy, Stiúrthóir an Choimisiúin, agus Sorcha Murrray, Rúnaí, i gceannas uirthi. Anuas air sin, soláthraíonn Oifig an Ombudsman seirbhísí comhroinnte dúinn i réimsí amhail acmhainní daonna, bainistíocht airgeadais, agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide.